Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA4156 - LITRÍOCHT AGUS SAÍOCHT 1690-1850

Year Last Offered:

2023/4

Hours Per Week:

Lecture

3

Lab

0

Tutorial

0

Other

0

Private

7

Credits

6

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Go gcuirfeadh an mac léinn eolas ar shaothrú litríocht na Gaeilge sa tréimhse i gceist agus go gcothófaí teagmháil idir an mac léinn agus rogha leathan téacsanna agus go gcothofaí tuiscint ar chomhthéacs staire, polaitíochta agus cultúrtha na dtéacsanna sin.

Syllabus:

Litríocht na Gaeilge ó dhara léigear Luimnigh go dtí an Gorta Mór; staidéar speisialta ar shaothar na mórfhilí (m.sh. Ó Rathaille, Ó Súilleabháin, Mac Cubhthaigh, Ó Doirnín, Raifteirí) agus ar théacsanna faoi leith (m.sh. `Cúirt an Mheán Oíche, `Caoineadh Airt Uí Laoghaire agus Cín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin); na hamhráin ghrá agus an Aisling.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Nuair a bheidh an modúl seo críochnaithe go sásúil ag an mac léinn: - Beidh saothair thábhachtacha na Gaeilge a scríobhadh roimh ré na hAthbheochana léite aige. - Beidh eolas aige ar an athrú ón tréimhse ina raibh an Ghaeilge in uachtar sa tír go dtí an tréimhse inar fágadh í ar imeall na cumhachta. - Beidh sé ábalta an tuiscint atá aige ar litríocht na Gaeilge a shuíomh go criticiúil sa chomhthéacs Eorpach.

Affective (Attitudes and Values)

Nuair a bheidh an modúl curtha i gcrích go sásúil beidh ar chumas an mhic léinn: - scéal an tSeaiceaibíteachais a phlé agus saothair liteartha a thuiscint i gcomhthéacs na polaitíochta sin. - Anailís a dhéanamh ar luachanna cultutha lucht scríbhneoireacht na tréimhse. - Measúnú a dhéanamh ar shaíocht scríofa agus ar thraidisiún béil na linne.

Psychomotor (Physical Skills)

Cothaítear an scríbhneoireacht, and léitheoireacht agus scileanna éisteachta.

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Bíonn trí léacht ag na mic léinn in aghaidh na seachtaine. Scríobhtar aiste mhór thaighde faoi stiúir léachtóra agus bíonn scrúdú scríofa ag deireadh na bliana. Baintear leas as fís agus taifead sna ranganna chun beocht an traidisiúin atá bunaithe ar shaothar na tréimhse a léiriú.

Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):

Prime Texts:

Ó BUACHALLA, B. (1996) Aisling Ghéar , B.Á.C.: An Clóchomhar
Ó MURCHÚ, L.P.(eag.) (1982) Cúirt an Mheon-Oíche , B.Á.C.: An Clóchomhar
Ó TUAMA, S (1960) An Grá in Amhráin na nDaoine , B.Á.C.: An Clóchomhar
Ó TUAMA, S. (1961) Caoineadh Airt Uí Laoghaire , B.Á.C.: An Clóchomhar
de BHALDRAITHE, T. (eag.) (1969) Cín Lae Amhlaoibh , B.Á.C.: An Clóchomhar

Other Relevant Texts:

CAERWYN WILLIAMS, J.E. agus Ní MHUIRÍOSA, M. (1979) Traidisiún Liteartha na nGael , B.Á.C.:An Clóchomhar
CORKERY, D. (1967) The Hidden Ireland , Dublin: Gill & Sons
LEERSEN, J. (1996) Mere Irish and Fíor-Ghael , Cork University Press
Ó TUAMA, S. (1991) Cúirt, Tuath agus Bruachbhaile , B.Á.C.: An Clóchomhar
Ó TUAMA, S. (1978) Filí faoi Sceimhle , B.Á.C.: An Gúm

Programme(s) in which this Module is Offered:

Semester - Year to be First Offered:

Spring

Module Leader:

gordon.oriain@ul.ie